An Cailín Gaelach

B'áite lion féin bheith ar thaobh mala shléibhe
is cailín gaelach a bheith i mo chomhair.
Bheinn dá bréagadh is ag teannadh léi
'gus dár lion féin 'riú, gur deas ár ndóigh.

Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil
is mé ag gabháil fán choill chraobhaí is mé ag seoladh bó,
tharla dom an spéirbhean in suí ar an léana
is a fallaing léi is í lán de chnónn.

D'fhiafair mé díthe go ciúin is go céillí:
'An nglacfaidh tú póg uaim, a stór mo chroí?'
D'fhoscail sí a béilín is labhair sí Béarla
is é dúirt sí: 'Pray sir and let me be.'

Is maith an airí ar na buaibh á santú
agus bheinn á seoladh amuigh sa lá;
is agus bainne iad, 'theacht an tsamhraidh,
is is mar gheall ar bhólacht a phóstar mná.